Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 191

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 191

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 191
  3. XML “An Gadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mullach an bhalla bhig a chuartughadh coinnle. Tháinic sean-bhean orm annsin agus péire cárdaí aici. Tharraing sí na cárdaí anuas ar mo aghaidh agus scríob sí mé agus thuit mé ar shlait chúl mo cinn ar an urlár. Bhí diabhal eile annsin agus bhain sé lán a chraois as mo lairg. Chaith sé síos chuig diabhal eile mé a raibh dhá adhairc air. Pholl sé sin le n-a chuid adharc mé agus chaith sé síos go bun an urláir mé. Bhí diabhal eile annsin agus chaith sé suas arais mé.
    "Bhí diabhal eile suas ar an fharradh agus bhí sé ag scairtigh, 'Caith aníos chugam-sa é go bpiocfaidh mé na súla as'. Fuair mé an doras a bhaint amach fá dheireadh ach nuair a bhí mé ag gabhail amach bhí diabhal eile annsin agus thug sé cic damh. Sa deireadh fuair mé mé fhéin ar an taoibh amuigh de'n doras agus níos mo deifre orm ag teacht amach ná bhí orm ag gabhail isteach.
    "Nuair a bhí mé ag gabhail thart leis an chruaich tháinic gréasaidhe bróg orm. Fuair sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0130: The Animals in Night Quarters
    AT1525: The Master Thief
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraic Mac Páidín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Prionnsias Mac Páidín
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall