Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 202
- XML “Beirt Iníonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a chuaidh sí isteach bhí triúr fear 'n-a shuidhe ag taoibh na teineadh agus gan iad a dhath níos mó na trí fhód mónadh. Shuidh sí ag an doras agus thoisigh sí a ithe an lóin aráin bhuidhe a chuir a leas-mháthair leithe. D'iarr fear acu giota dén aran uirri agus thug sí sin do agus roinn sí leis an bheirt eile fosta.
Annsin d'iarr siad uirri an t-urlár a scuabadh agus scuab. D'iarr siad uirri an pota - beag a chrochadh ar an teinidh agus chroc. D'iarr siad annsin uirri an sneachta a bhí amuigh ag binn an toighe a scuabadh . Chuaidh sí amach, fuair an scuab agus rinn sí mar hiarradh uirri.
Nuair a bhí an sneachta scuabtha aici chonnaic sí na sméara dubha a bhfíor deise a chonnaic sí ariamh. Chuir sí ceist orra an raibh cead aici na sméara dubha a bhaint agus dubhradh leithe nach cead a bhí aici ach cead fáilte. Chuaidh sí amach arais agus thoisigh sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall