Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag bun an chrainn ag fanacht le Seaghan agus nuair a chonnaic sí an t-ór ag tuitim anuas scannruigh sí agus thuit sí i luighe. Nuair a chonnaic sí chuici fhéin araist bhí Seaghan ‘n-a sheasamh le n-a taoibh. Chuir sí fáilte roimhe, agus chuir sí ceist air cá h-áit a bhfuair sé an t-ór agus d’innis sé dithe.
An oidhche sin rinn siad féasta beag daobhtha fhéin agus bhí cuid mhór milsíneach aca. Tamall ‘n-a dhiaidh sin chuir Seaghan air sean chulaidh bhratógach agus d’imthigh leis suas an crann agus shiubhal leis go dtáinic sé go dtí an caislean.
Bhuail sé ar an doras agus foscladh do. An bhean a tháinic go dtí an doras chuir sí ceist ar Sheaghan caidé bhí a dhitheamhail air, agus dubhairt sé gur lóistín na hoidhche agus greim le hithe. Dhiúltaigh sí sin a thabhairt do. Dubhairt Seaghan go raibh giota fada aige le gabhail ‘n-a bhaile agus go raibh sé tuirseach ocrach. Indiaidh tamaill cainnte fuair sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall