Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an taoibh bhog dithe agus thug sé cuireadh ‘un toighe do. Thug sí go leor le hithe agus le hól do agus annsin chuir sí isteach i mbocsa é ar eagla go bhfeicfeadh an fathach é nuair a thiocfadh sé ‘n-a bhaile.
Ní raibh an gasúr i bhfad sa bhocsa gur chualaidh sé coiscéimneacha troma an fhathaigh ag tarraingt ar an doras. Tháinic sé ‘un toighe, sheasuigh i lár an urláir, agus dubhairt “Mothighim boladh an Éireannaigh bhreagaigh, bhradaigh fá mo theach agus fá mo chuirt anocht”.
“Ná bí amaideach”, ars’ an bhean, suidh síos agus dean do shuipear”.
Nuair a bhí a shuipear caithte aige, shín sé é fhéin sa chathaoir agus d’iarr sé ar a mhnaoi a chearc draoidheachta a thabhairt chuige, agus thug. D’iarr sé ar a mhnaoi annsin a leabaidh a baint amach agus go suidhfeadh seisean sa chathaoir go maidín. Ní raibh i bhfad gur thuit an fáthach ‘n-a chodladh.
Chomh luath agus chonnaic Seaghan go raibh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall