Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)666. Má’s fiú a fhághail is fiú ‘a iarraidh
667. ‘Sé do phóca do chara.
668. Píobaire aon phuirt.
669. Scéitheann fíon fírinne.
670. Ná bíodh do lámh i mbéal a’ mhadaidh agat.
671. Thoisigh an troid an áit a ba’ tuigh ba’ tana.
672. An té a bíos buadhartha bíonn sé ag bogadaigh agus an t-é bíos gan chéill bíonn sé ag magadh air.
673. Fágann an droch scéal duine gan cheann gan chos
674. Do chomhairle fhéin is lúgha a chuirfeas fearg ort.
675. Ná bí ag tógail maide-as-uisce do.
676. Tá lá de’n t-seachtmhain a dhith air.
677. Tá seachran air.
678. Tá síneadh na láimhe ann.
679. Tá sí ar bhárr na gaoithe
680. D’imthigh an t-uisce bruithte uirrí ó pósadh í
681. Tá sé ag séideadh a adhairce.
682. Glac ‘acha’n chineal ‘a bhfuigh tú ach na buillí
683. Nuair is gainne an biadh is ann is cóir a rann.
684. Dhóigh sí a gual agus chá dearn sí a goradh
685. Leig sé isteach ar chluais amháin é agus amach ar an chluais eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)