Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ort caidé luach do chuachóg shíoda. Abair leithe mac iascaire bocht na h Éireann a fhágailt 'n-a shuidhe ar do bhois".
D'imthigh sé leis agus rinn sé mar d'iarr Cailleach na gCearc air, agus tháinic an cailín ruadh chuige mar h-innseadh do.
"Caidé luach do thúirne oir ?" ar'sise
"Mac iascaire bocht na h Éireann a tabhairt go dtí a dhá ghualainn san fhairrge" ar seisean.
Rinn sí seo agus fuair sí an túirne.
"Caidé luach do fhearsad airgid ?" ar sise.
"Mac iascaire bocht na h Éireann a thabhairt go dtí a dhá ghlún san fhairrge", ar seisean.
Rinn sí seo agus fuair sí an fhearsaid.
"Caidé luach do chuachóg síoda ?" ar'sise
"Mac iascaire bocht na h Éireann a fhágailt 'n-a shuidhe ar mo bhois", ar seisean, agus rinn sí sin agus fuair sí an chuachóg.
Nuair a fuair mac iascaire bocht na h Éireann é fhéin 'n-a shuidhe ar bhois a athra rinn sé seabhac de fhéin agus d'imthigh sé 'n-a bhaile. Bheir sise ar an t-sean-dhuine agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Chrosáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Ní Grianna
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall