Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 89

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 89

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 89
  3. XML “Iascaire Bocht na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thug sí leithe go caislean an uaignis é.
    D'imthigh an mac annsin agus chuir sé ceist ar Chailleach na gCearc caidé b'fhearr do a dheanamh le n-a athair a fhághail amach.
    Dubhairt Cailleach na gCearc go raibh a athair istigh san haonmhadh seomra fíchead i gcaislean an uaignis, sé sin le rádh go gcaithfidh seomra agus fiche a fhoscladh sul a bhfuighfidhe fad leis agus nach raibh dhath ar an domhan le dorsa na seomra sin a fhoscladh ach eochair amháin a bhí istig i n-uibh sa domhan thiar agus go raibh an uibh sin istigh i seabhac agus go raibh an seabhac istigh i gcú agus go raibh an cú istigh i mac-tíre.
    Ghleas mac an iascaire é fhéin annsin agus chuaidh i gcionn an turais ag tarraingt ar an Domhan Thiar. Nuair a shríoc sé an Domhan Thiar fuair sé an mac-tíre. Rinn sé mac-tíre de féin agus throid sé fhéin agus an mac-tíre gur mharbhuigh sé é.
    Nuair a thuit an mac-tíre marbh léim an cú amach as agus suid ar shubhal é anns na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Chrosáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Gráinne Ní Grianna
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    79
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall