Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 90](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_90.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 90
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)featha fasaidh. Rinn seisean cú de fhéin, lean é, rug air agus mharbhuigh sé é. Le linn a bháis léim an seabhac amach, d'éirigh sé i n-áirde agus d'imthigh ar eiteóig fríd an aer.
Rinn seisean seabhac de fhéin agus suid ar suibhal sa toir ar an t-seabhac é, bheir air agus nuair a bhí sé 'a mharbhughadh bheir sé an uibh. Thuit an uibh i n-abhainn. Rinn seisean fear de fhéin arais, chrom síos anns an abhainn thóg an uibh, agus bhris í go bhfuair sé an eochair.
Phill se annsin agus níor thóg se méar de n-a shrón go raibh sé ag Cailleach na gCearc. Thug sise cuachóg shíoda do agus d'iarr sí air an chuachóg a chathadh roimhe ag béal na tuinne agus go dtiocfadh bealach chuige isteach go Caislean an Uaignis.
"Nuair a fhosclochas tú an doras deireannach", ar sise, "leigfidh d'athair beic as agus cuir thusa do bhos ar a bhéal ná musclóchaidh sé an mhaighdean mhara agus béidh sibh bhur mbeirt istigh annsin. Nuair a bhéas d'athair leat dean deifre ná ní bhíonn an mhaighdean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Chrosáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Ní Grianna
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall