School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 376
- XML “An Póitín ins na Rosa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Má éaluigheann tú anall thar an tráigh. Ach cé aca bhí sé go fairsing sin nó nach raibh ní thig lenn a rádh, ach tá fhios againn go raibh sé fairsing go leor fá na hoileain, agus go h-áirithe i n-oilean Árainn Mhór. Bhí muinntir an oileain uilig ag deanamh póitín anns an am seo a bhfuil trácht air. Bhí sagart ar an oilean agus bhí sé ag deanamh a dhíchill leis an phóitín a chur faoi chois. Chuaidh bunadhas na ndaoine ‘n-a éadan cionnas é bheith anuas ar an phóitín agus ba’ ‘n deireadh a bhí ar an scéal gur dhibir siad as an oilean é.
Annsin bhí siad seacht mbliadna gan sagarth ar bith, agus ar feadh na seacht mbliadhan sin níor pósadh aon lánamhain, agus níor báisteadh aon pháisde dá dtáinic ‘un t-saoghail ar an oilean. Bhí buaidhreadh mór ar an easbog, cunnas an t-oilean a bheith gan sagart, agus dar leis lá amháin go rachadh sé isteach ‘un oileain go bhfeicfeadh sé ar chaill siad an creideamh.(continues on next page)- Collector
- Sorcha Anna Ní Domhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Somhairle Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall