Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Captann agus an RónBhí bád ag gabhail go Meirioca uair amháin agus nuair a bhí siad giota amach ón chéidh chonnaic an captann rón mór 'na ndiaihd. Ba' mhaith leis an rón a dhíbringhadh sul a bhfeicfeadh na mairnéalaigh é. Chaith sé amach cathair a bhí ar an bhád, shlug an rón an chathaoir ach níor shásuigh sin é.
Chaith sé amach pigín a bhí ar an bhád; shlug an rón an pigín ach níor shásuigh sin é. Chaith sé amach gabhar a bhí ar bórd aige, shlug an rón an gabhar, ach níor shásuigh sin é. Ní raibh fhios aige annsin caide b'fhearr do a dheanamh. Fá dheireadh chaith sé amach an buachaill aimsire a bhí aige, shlug an rón an buachaill agus bhí sé sásta go breagh annsin. Chuaidh an rón síos faoi an fhairrge agus ní fhacaidh siad é ní ba' mhó.
Sheol an soitheach leithe go rabh sí thall i Meirioca. Nuair a chuaidh siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eoghan Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Móna, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Rann na Móna, Co. Dhún na nGall