School: Rann na Feirsde

Location:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Domhnall Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 459

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 459

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rann na Feirsde
  2. XML Page 459
  3. XML “Naomh Pádraig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a tháinic Pádraic go Teamhair ar tús, bhí na daoine iongantach mío-shásta leis cionnas gur las sé an teine ar Chnoc Sláinge agus gur bhris sé dligheadh an ríogh. Chuaidh an rí agus na draoidhthe fhad le Pádraic agus thoisigh siad a chainnt ar an chreideamh agus dubhairt Pádraic leo nach raibh aca ach creideamh bréige.
    Annsin rinn siad príosúnach de, agus chuir siad é a choimead na bpréachán amach as an choirce agus dubhairt an rí leis dá leigeadh sé aon ghas amháin a ithe go rachadh sé 'un báis. Choimead sé leis iad go dtáinic an Domhnach agus d'iarr sé cead ar an rígh é a leigint 'un aifrinn agus dhúiltigh an rí é.
    Nuair a fuair Pádraic an rí ar shiubhal, scairt sé ar na préachaín i n-ainm Dé, a theacht chuige agus é a leigint 'un aifrinn agus go gcuirfeadh sé faoi gheasa iad nach muirbhfeadh a'n duine iad fá choinne a gcuid feóla a ithe. Chruinnigh siad thart air agus chuir sé isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Pádraig (~489)
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Ní Chrosain
    Gender
    Female
    Address
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Proinsias Mac Grianna
    Gender
    Male
    Age
    81
    Address
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall