Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 467
- XML “Rothaí an tSaoil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sin ann agus is fada ó bhí, bhí lánamhain i nÉirinn fadó agus bhí gasúr beag amháin aca. Lá amháin d'imthigh an gasúr seo a chruinniugadh airgid. Chuaidh sé go dtí teach duine saidhbhir a bhí san áit. Bhí an fear 'n-a shuidhe taobh amuigh de'n doras agus ní raibh fhios aige caidé 'n chesit a chuirfeadh sé ar an ghasúr. Sa deireadh smaointigh sé ar cheist. Nuair a thainic an gasur fhad leis an fhear ualal, chuir an fear ceist air caidé bhí Dia a deanamh agus dubhairt an gasúr go raibh sé ag deanamh rothaí. Thug an fear uasal cúig phunnta do.
Smaointigh an gasúr go gceannóchadh sé rud éiginteacht ar na cúig phunnta agus go ndeanfadh sé tuilleadh airgid as. Cheannuigh sé luach chúig bpunnt agus rinn sé deich bpunnta amach as. Lean sé de'n obair sin agus sa deireadh chuir sé suas siopa agus thainic sé ar aghaidh go maith sa t-saoghal.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Donnchadh Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cáitlín Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall