Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Óige, an Saoghal agus an Bás.Bhí Fionn Mac Cumhaill agus a chuid fear lá amháin amuigh ag seilg - lá goirid geimhridh. Bhí spéarthaí dúnta, dorcha 'n-a luighe anuas ar bhárr na gcnoc. Teacht an tráthnóna dhruid ceo dluith isteach anns na gleanntain. Scab na fir soir agus siar go dtí nár fágadh aon fhear ag Fionn ach Goll agus cupla fear eile. Chongbhuigh siadsan greim ar a chéile rith an ama. Siubhal siad leo fríd a t-sliabh, ag tuitim agus ag éirghe, go dtí go raibh siad marbh sáruighthe.
Fá dheireadh chonnaic siad marbh-solas i ndoimhneacht an t-sléibhe agus tharraing siad air fá deifre agus nuair a tháinic siad fad leis caidé bhí ann ach bóthóg fhód - bóthóg bheag, bhaoideach nach raibh áit suidhe ná seasamh innti. Bhí doras cumhang, íseal uirri, agus ba deacair do fear comh mór le Goll fághail isteach ar an doras chumhang sin. B'éigean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Feidhlimidh Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall