Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Geaftaí Bhaile Bhuidhe
--------------------Ag geaftaí Bhaile Bhuidhe a rinn mise an gníomh,
A bhí amaideach buadhach deanta,
Éalughadh le mhnaoi, seal tamailt anns' an oidhch'?
Ar neamh-chead dá raibh faoi na spéartha.
Már bhí mise gan bhrígh, gan misneach ann mo chroidh
Agus í agam ar mhalaidh sléíbhe,
Bhí an cholainn ghá mo chlaoidh agus b'éigeann damh-sa luigh,
Agus d'imthigh sí an fíor mhaighdean.Ag gabhail i luighe de'n ghréin, fá'n am seo inde (inné),
Ba agam-sa a bhí an scéal buadhartha,
Ba shamhailt domh an té, asíneadh anns' an chré,
Gus a Mhuire nach mé an truaighe.
Sé deireadh mócháirde liom, an méid aca bhí lathair,
Alltuigh? leis na mná a bhuachaill,
Ach an méid a ngoilleadh ortha mo chás, goladh siad a sáith,
Fá mo chosa agus mo lámha bheith n-a ngual dhubh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seosamh Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 29
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall