Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 334
- XML “Fionn Mac Cumhaill”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin bhí Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna amuigh ag fiadhach. Chaith siad an lá ar ghleann agus ar bheann, ins na coilltibh agus ar na bántaibh agus ní bhfuair siad a dhath ar b'fhiú labhairt air. Ag clapsolas agus iad ag teacht 'n-a bhaile dhúisigh siad eilit mhaol. Do lean siad í eadar fhir agus mhadaidh go dtí go raibh siad uilig tursach, sáruighthe, ach amháin Fionn agus a dhá mhadadh, Bran agus Sceolán.
Do lean siad-san an eilit, agus nuair a bhí siad i lár machaire mór, agus an oidhche ag tuitim ortha, do stad an eilit. Tháinic Bran aghus Sceolán fhad leithe agus i n-áit an eilit a mharbhughadh mar ba' dual dóibh, 'sé an rud a thoisigh siad a dheanamh cuideachta agus a luascair thart 'n-a timcheall. Bhí iongantas an domhain ar Fhionn nuair a chonnaic sé caidé rinn na madaidh; níor mhaith leis cur isteach ortha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Dubhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall