Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 461
- XML “Naomh Pádraig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtiocfadh leisean sneachta a thabhairt.
"Tabhair é," arsa Pádraic, agus thug.
"Cuir ar shiubhal anois é," arsa Pádraic.
"Ní thig liom," ars' an draoi, "go dtarraidh an ghrian amach agus go léighidh sí é."
"Caidé thig leat-sa a deanamh anois?" ars' an rí le Pádraic.
"Fan go bhfeicfidh tú," arsa Pádraic, agus chrúinnigh sé brosna agus sneachta agus rinn sé teine do. Thug sé leis cathaoir agus shuidh sé istigh i lá na teineadh. Cuirreadh lasóg anns an brosna agus d'éirigh an bladhaire i n-áirde anns an spéir. Shuidh Pádraic gur dhóigh an brosna uilig agus go deachaidh an teine as. Annsin d'éirigh sé 'n-a sheasamh agus ní raibh go beag le ribe amháin dóighte de.
Annsin rinneadh teine don draoi. Chuaidh sé isteach agus shuidh sé ar chathaoir i lár na teineadh. Cuiradh lasóg anns an bhrosna agus nuair a bhí an teine dóighte, ní riabh draoi na dhath eile aca, ach an luaith bhuidhe agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Chrosain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 81
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall