Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tobar Chormaic. Sin tobar atá shíos ag taobh Teach Na mná mire. Bhí an tobar ar thalamh fear darbh ainm do Cormac agus chan fhuair an áit sin ainm ar bith ariamh o shoin ach Tobar Chormaic. Bhí sgoil mhór ag a thaobh agus sé clann ríghte agus prionnsaí abhíodh dha theagasg inntí. Níl fothracha na sgoile le feiceail anois, ach is minic a thráchtuigheann na sean-daoine uirthí.
An Chreag Bheag Sin creag atá taobh thall de'n Bhunbheag agus tá sé ráidhte go raibh na Lochlannaigh na gconnuidhe uirthí fado shoin agus gur chuir siad croc óir ibhfolach ann. Lá amháin bhí fear as an áit ag cuartú an chroc agus tá sé ráidhte gur sgairt duine amach as an chreig, "A dhuine chóir na bí ag cur do chuid ama amudha, ní duit atá sé indhán ach do Eoin Ó Baoghaill.
Machaire Chlochair. Sin baile beag atá ag taoibh an Bhunbhig a bhfuil cuid mhór clocha móra ann agus sin an fáth ar tugadh Machaire Chlochair air nó Machaire Na gcloch.(leanann ar an chéad leathanach eile)