Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Shiubhal sé leis, comh d’táinig sé go dtí teach eile, chulaidh se an sgreadach istoigh. Chuaidh sé isteach, agus bhí fear ina shuidhe ar chathaóir, agus bean a bhualadh le tuairgín, go tapaidh agus tháinig léithe.
Goidé atá tú a dheánamh arsa Diarmuid, leis an bhean. Tá, arsa seise, ag iarraidh léine ur a chur ar an fhear seo. Tabhair damh í, arsa Diarmuid, agus nuair a d’amharc sé uirthi, bhí sí fuadhthe mar a bhéadh mála ann.
Tabhair damh seusúr arsa seisean, thug sí an seusúr dó, agus ghearr sé píosa amach as an áit a cheart do’n mhuineál a bheith. Chuir an fear an léine úr air, nach fuirist sin a dheánamh, arsa an bhean. Da gcúimhneochainn air, phill Diarmuid na bhaile aríst, agus dar leis féin, tá an bhean sin níos amaidigh ná mo mhnaoi féin.- Bailitheoir
- Síghle Nic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Ní Fharraigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall