Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 595
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bualadh Sídhe:- Nuair a thagann tinneas ar bhó mar gheall ar í a bheith 'na luighe i n-áit fliuch deirtear gurab iad na daoine maithe a chaith na clocha seo leo. Bailightear iad agus cuirtear iad isteach i gcrúiscín lé h-uisge agus flóirín Sasanach. Tugtar an tuisge do'n bhó lé n-ól annsin acht cuirtear tuighe i mbéal an chruiscín i dtreo is nách féidir léi na clocha do slugadh. Tagann bíseach uirthí go luath annsin. An triucg:- Nuair a bhíonn an triuch ar leinbh téigheann duine amach ar maidin agus fiafruigheann sé leigheas de'n chéad fhear a bhuaioleann leis ag tiomáint capaill báin agus cuirfidh an chéad rud adeireann sé bíseach ar an leinbh.Na dathacha:- An té a bhíonn na fathacha air, gheibheann sé fata beag agus(leanann ar an chéad leathanach eile)