Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sraith Mhór
- XML Leathanach 88
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)croidh innti.
17. Cé a tchim cugam ar an fhairrge ach failleogan na gréine fear ar cóta gorm air agus snáithe dearg ina léine.
18. Tó, Tó, amuigh , tó tó istoigh tháinig rí na gceithre gcos agus sgiob sé leis to, to
19. Girrfidh, girrfidh idir dá gleann nuair a bhogann an girrfidh bogann an dá gleann= freagra asal agus péire fiannó[ga?]
20. Tá cupa beag agam agus sgeadamain iarainn uirthí comh gasta agus a ritheann sí sin mar is mo a shlugann sí an rópa. Freagra: Táirne beag
21. Ca tuige a bpiocann cearc maide an póta
F. Ní thig léithe é a lígh.
22. Ceathar ag rith, ceathar ar críoch, beirt ag deanamh an eolais agus róbon ar deireadh
F; Bó ar rith
23. An fear a rinn í níor caith sé í an fear a caith í ní fheachaidh sé í
F; Conair.
24. Caidé'n fáth a n-amharcann bó thar a cnoch
F: Ní tig leithe amharc fríd.
25. Caidé'n páirt de'n bó a téigheann isteach na boitigh ar dtús.
F: A h-anál.
26. Caidé bheir ar caorach léimint char a claidhe.
F: Ní thig léithe siubhal fríd.
27. Caidé a fhliuceas an grian agus a triomuigheas an t-uisge.
F: Im.
28. Da mbéidhthea shuas i gcrann agus tuitim anuas caidé a tuitfea i na éadan freagra= i n-éadan do thoil- Bailitheoir
- Eibhlín Ní hEarlaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Gallobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an Tiompáin, Co. Dhún na nGall