School: Baile na Bó (roll number 2260)

Location:
Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Ailbhe Ó Conáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 277

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1073, Page 277

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile na Bó
  2. XML Page 277
  3. XML “Cogadh na Talún i gCloich Chionnaola - Teach Phádraic Uí Chuireáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ar an bliadhain i na dhiaidh seo, i.e. san Earrach 1889 cuiradh amach na daoine as a gcuid toighteach i nDruim na Teineadh agus i mBaile Uí Chonaill. I dtigh Shéumais Mhic Fhionnghaile i nDruim na Teineadh a bhí an dún an iarraidh seo. Fuair sé seilbh ar an teach, cuireadh amach muintir an toighe ar an bealach-mhór, agus chuir sé glas ar an doras. Idir an am sin agus Bealtaine 1889, cuireadh amach na daoine uilig.
    D'imthigh siad agus chuir siad futha i mbothógaibh ar an Cill Ulta. Fuair triúr de na teaghlaigh a cuireadh amach bothóga ar an Ceathramha Ceanainn; chuaidh dhá cheann déag de na teaglaigh agus chomhnuigh siad ar an Bealtaine, (Gort a' Choirce); d'imthigh naoi gcinn de na teaghlaigh agus chomhnuigh siad i mBaile na Bó. 'Se an fáth go rabh na h-áiteacha seo toghtha, mar ní rabh aon tighearna ar na h-áiteacha sin. Dá mbeadh ní leigfidhe isteach annsin iad, mar bhí na tighearnaí uilig i leith a chéile, agus na daoine nár cuiradh amach as a gcuid gabhaltas bhéadh eagla orra na tionóntaidhe a leigint isteach ar a gcuid talaimh, bóthógaibh a chur suas, mar chuirfeadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Ailbhe Ó Conáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Informant
    Mághnus Mac Pháidín
    Gender
    Male
    Age
    67
    Address
    Baile Chonaill, Co. Dhún na nGall