Scoil: Mágh Rua (Murroe)

Suíomh:
Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. S. Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 102

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 102

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Leathanach 102
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Léigeasanna
    Tá cuid mhór léigheasannaí ann
    An leigheas fá choinne triuch:- Gabh faoi ásal trí uaire ar feadh trí lae agus b'e biseach ort i gcionn seachtmhaine. Muna mbe tú ábalta siubhal faoi an ásal gabh go dtí duine éiginteacht ar an taobh eile Dá mbé sinneach ort agus uisge a fhághail i bpoill i gcarraig agus agus t-uisge a chur ar an sinneach rachadh sé ar shiubhal i gcionn choicthighse. An leigheas fá choinne bun-ribeach:- Fáigh naoi dealganai spionnóg agus iad a chur ar an bún-ribeach naoi n-uaire agus rachadh sé ar shiubhal. Tá leigheas ag Tómás Ó Fearraigh fá choinne lónta. Cuireann sé a lámh ar an talamh agus coimleochaidh sé an lonta trí uaire agus geobhaidh tú biseach indiaidh sin. Tá bean i Ráigh agus tá sí ábalta dualgan a thabhairt amach as do shiúl gan an duine a bhé annsin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Nic Pháidín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Cáit Nic a Leagha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall