Scoil: Mágh Rua (Murroe)

Suíomh:
Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. S. Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 68

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 68

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Leathanach 68
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí fear ann uair amhain agus bhi sé bacach, agus dall fosta. Bhí madadh beag aige fosta agus bhí cupa thart ar mhuinéal an mhadadh.Achan áit a rachaidh an madadh rachaidh an fear na diaidh. Lá amháin cuaidh an fear amach ag siubhal agus cuaidh an madadh na dhiaidh. An céad teach a casadh ortha cuaidh an madadh isteach ann Bhí sean fhear istuigh ann agus diarr an sean fhear ar an madadh an cupa a tabhairt do Dubhairt sé go dtabhairfeadh agus tug Cuaidh sé amach annsin agus cuaidh sé amach annsin agus cuaidh sé isteach idteach eile agus bhí sean bhean istuigh ann. Thainig eagla ar an sean bhean agus chuir sí amach an madadh annsin chuaidh an fear agus an madadh na bhaile nuair a cuaidh siad na bhaile fuair an madadh bás agus bhí an fear an buadhra na diaidh agus tamall na diaidh sin fuair an fear é féin bás.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Ghearrbhaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Ghearrbhaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall