Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- Suíomh:
- Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: P. S. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
- XML Leathanach 69
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalBhí fear ann uair amháin agus bhí sé iongantach bocht. Lá amháin bhí sé ag buachailleacht bó agus thainig fear thart agus chuair sé ceist ar an fhear caidé bhí sé ag deanamh." Dubhairt sé go rabh sé ag buachailleacht Chuair an fear ceist air cé mhéad bó a bhí aige. Dubhairt seisean nach rabh aige acht bó amháin. Annsin dubhairt an fear an céad lá eile a thiocfas mé annseo béidh cupla bó agam duit. Magh go leor arsan fear. Cupla seachtain na dhiaidh sin thainig an fear agus cupla bó leis. Cheangail an fear na ba amuigh san bhoitheach an oidhche sin Maidín lá ar na bharach bhi na ba ar shiubhail. Chuaid na an fear amach a cuartughadh na ba agus fuair sé cuid aca. Annsin dhíol sé an méid a fuair sé agus bhí sé saidhbhir go deireadh a shaogail.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Nic Phaidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Nic Pháidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall