School: Doire Chasáin (roll number 15239)
- Location:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Teachers: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)oidhche bíonn na cailíní agus na buachaillí amuigh ag imirt cardaí no ag áirneál i dteach éigin agus ag innse sgéaltaí dhá chéile agus ag cur amach tomhaiseanna. Ins an Earrach bíonn na buachaillí ar cuartughadh neadrachaa agus ag breith ar na h-éanacha. Tá cuid de na páistí agus nuair a gheibh siad nead éan, briseann siad na h-uibheacha agus baineann siad na cleitheacha as an éan
- Fá thuairim ceithre fichid bliadhain ó shoin bhí cuid mhór filí ar an baile seo, acht tá siad uilig marbh anois. Bhí fear beag na comhnuidhe i dteach beag leis féin agus ní rabh file ar bith thart ins an paraiste a bhí comh maith leis ag déanamh dántaí no amhrain. Bá é Séimidh Ó Siadhail an t-ainm a bhí ar an fear sin. Bhí fear eile ann darbh ainm Pádraig Ó Siadhail agus bhí sé ion maith ag déanamh amhrain agus dantaí fosta. Bhí file eile i nDoire Chasain darbh aPádraig Mac Giolla Charra agus ní rabh sé mór leis na filí a bhí ins na Dunaibh agus bhéadh sé ag déanamh amhrain ag cáineadh na bhfilí a bhí ins na Dunaibh. Annsin thoisigh na filí a bhí ins na Dúnaibh ag déanamh amhrán ag cáineadh an fhile a bhí nDoire Chasain. Bhí na filí sin ag déanamh amhrain ag cáineadh a chéile go dtí go bhfuair siad bás. Gach amhrán a dhéanfadh an file a bhí i nDoire Chasain bhéadh sé i mBearla acht bhéadh na(continues on next page)