Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 299
- XML “An Chuinneog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An chuinneog.Gach teach a bhfuil ba aca bíonn cuinneog aca leis an bhainne a bhualadh mar bíonn im agus bláthach a dhith ortha. Tá cuinneog againn ins an bhaile agus tá sí tuairim ceithre troigh ar áirde agus tá sí tuairim troigh agus sé orlaigh ar léithead ó thaobh go taobh. Tá sí déanta de adhmad agus tá sí cruinn. Tá an tóin i bhfad níos leithne na an béal. Nuair a bhíonn an bainne fairsing ins an t-Samhradh buaileann muid dá uair ins an t-seachtmhain agus ins an Gheimhreadh ní bhuaileann muid acht uair amháin ins an t-seachtmhain. Buaileann muid an bainne le lonthaidhe. Tá píosa cruinn de adhmad ar íochtar an lonthaidhe agus tá puill thart uilig ann agus tá poll in a lár agus téigheann an bata isteach ann agus is leis an phíosa cruinn seo a bhuailtear an bainne. Síos agus suas a bhuailtear an bainne agus caitheann tú an lonthaidhe a chur síos ins an bhainne gach uair. Caitheann muid uisge té a chur ins an bhainne ins an Gheimhreadh le é a bhriseadh agus buaileann muid linn go dtí nach nbíonn im ar bith ar an lonthaidhe. Bíonn an bainne buailte annsin. Nigheann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Bhuadhaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheal Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 66
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall