Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amhain bhí méitheal mónádh ag bean ar an bhaile seo darbh ainm Brighidh Bhéag. Rinne sí bruitín leis an dinnear agus nuair a bhí sí réidh le h-imtheacht leis an dinnear thainig fear beag isteach darbh ainm Tomas Beag na hÓrdóige. Dubhairt Tomás léithe go dtabhairfeadh seisean a ndinnear chuig na fir. Chuir sé an scála ar a cheann agus d'imthigh sé. Thoisigh sé a chur fearthanna ar a chasán agus b'eigean dó Thomas a ghabhail ar an fhosgadh.D'fhág sé an scála ina rabh na bruitíní, ar charraic agus chuaidh sé féín isteach faoi dhuilleoig copoige. Bhí tarbh crósta ar an bhaile agus bhí sé ag ithe féir comhgarach do'n áít a dteachaidh Tomas ar an fhósgadh. Tháinig sé agus d'ith sé na brúitíní agus annsin d'ith sé an duilleog chopoige agus bhí Tomas in a bhéal fosta. Súl a bhfuair sé fáill Tomas a chognadh chuaidh sé síós air. Tóisigh sé a fheadalaighe agus a cheól ins an tarbh. Chuaidh an tarbh ar mire agus d'imthigh sé ar chós in-áirde agus chuaidh sé amach binn darbh ainm Scóilig an Dreoláin.Marbhuigheadh an tarbh acht níor marbhuigheadh Tomás. Lá amhain ina dhiaidh sin bhí fear páca ag siubhail thart ós cionn na béinne agus chonnaic sé an tarbh. Chuaidh sé síos leis an chraiceann a bhaint dé. Nuair a bhí sé ag gearradh an tairbh scairt Tomas amach, "Take care of my nose pedlar." Nuair a chualaidh an fear sgairteach shíl sé shuas ins an bhéinn a chualaidh sé é. D'éist sé tamaill beag agus chualaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Mac Pháidin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall