Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thart agus an cathaoir leis ar a thóin é ag dul ar míre ag léimnígh agus ag sgreadaigh.
D’iarr Liam ar suidhe síos go socair na go rabh muinntir an bhaile sgannruighthe aige. D’iarr an diabhal air é a leigeann ar shiubhail agus nach gcuirfeadh sé buaidhreadh air go ceann seacht mbliadhna arais. Nuair a bhí na seacht mbliadhna istoigh thainig an dhiabhal thart arais agus d’fhiafruigh sé dó Liam an rabh sé ag gabhail an uair seo agus dubhairt Liam go rabh. D’imthigh an bheirt agus nuair a bhí siad ag dul thart ag teach ostais, dubhairt Liam nach dteachaidh sé thart ariamh gan gloinne a ól. “Thúg leat gloinne a ól anois fosta” arsa’n diabhal. Dubhairt Liam nach rabh airgead ar bith leis acht dubhairt sé go gcualaidh sé go dtiocfadh leis airgead a dheanamh do féin.
Dubhairt an diabhal nach rabh an fhocal bréige aige agus rinne sé piosa dhá sgilling dó féin. Chuir Liam an dá sgilling ann a sparan agus dhruid ó. Chuaidh Liam isteach agus d’ól sé a sháith. Nuair a bhí a shaith ólta aige thoisigh an diabhail a léimnighe ins an sparan, agus bhí fearg mhór ar Liam leis. D’imthigh Liam ‘na’ bhaile agus chuaidh sé a luighe agusn d’fhág sé an sparán faoi na cheann. Nuair a bhí sé ag tuitim na chodladh thoisig an diabhal a léimnighe agus choinnigh sé Liam choinnigh sé Liam musgailte.
Léim Liam amach a’s a leabaidh, fuair sé an t-órd mór agus thoisigh sé ar an diabhal istoigh ins an sparán go dearn sé é comh tanaidhe le piosa sé pighne. D’iarr an diabhal ar é a leigeann ar shiubhal agus nach dtiocfadh sé a comhair nios mó. Léig Liam ar siubhail é agus ní fhacaidh sé nios mó go b’fhuair sé bas. Nuair a fuair Liam bás chuaidh sé go dtí geaftaí na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheal Mac Giolla Cheara
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall