Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Leathanach 249
- XML “Na Trí Teaghlaigh a Bhí ina gCónaí ag Bun Gháinne Caora”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fearg mhór ar an Tighearna, nuair a chualaidh sé seo. D’iarr sé ortha glanadh amach as amharc a dhá shúil nó go gcuirfeadh sé amach iad as a tighthe agus a gcuid talaimh.
Nuair a bhí siad giota ar siubhail, sgairt sé ortha arais. “Anois” a dubhairt sé leobhtha “deanadh gach bean agaibh amaideach do n-a fear, agus cibé ar bith agaibh a a dheanfas amaideach, pronnfar a cuid talaimh rith a saighail uirthi”.
An chead bhean a chuaidh isteach, dubhairt sí le n-a fear go gcaithfeadh sí a dh’obair go cruaidh amuigh ins na cuibhrinn, agus gan a bhéith crochta thart fa’n teach, agus go ndeanfadh sí an obair astoigh, agus nuair a bhéadh am bidhe ann, go sgairtfeadh sise isteach air.
Lá thar na bharach, chuaidh an fear bocht amach a treabhadh sa’n ghárrdhaidh, os choinne an doraisle bánughadh an lae. Cha dtearn an bhean réidh tráth ar bith dó’n fhear bhocht. Chuir si gach rud síos a’s suas astoigh sa teach. Chuir sí an dreisiúir in áit na teineadh, agus an teine in áit an dreisiúir. Chuir sí na brístí ar na giorrsaigh, agus na sgiortaí ar na gasuraí. Bhí an fear bocht amuigh ag treabhadh sa gháirdín, agus ni rabh iomradh ar bith ag an bhean é a sgairteadh isteach.
Thainig an t-ocras comh mór sin air gur bh’éigin do a ghabhail isteach. Nuair a thainig sé fhad leis an doras, sgairt sé amach an rabh an dinneir réidh. Léim an bhean in a suidhe roimhe sa’n doras. “Cia thusa”, arsa sise. “Ní seo do theach”. Shíl sé féin narbh’é nuair a chonnaic sé an t-athrughadh a bhí air. Shiubhail sé amach fríd, na comhursanaigh uilig ag fiafruigheadh daobhtha ca rabh a theach. Bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Donncadh Mac Láithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall