Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Leathanach 258
- XML “An Gearrán Bán agus an Rí Breac”
- XML “An Fear a Bhí in Ifreann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ban arais agus d'fhiafruigh sé dithe cad chuige a rabh a chuid bróg uirthi agus dubhairt sise "A! rud beag fuaicht a thainig isteach ar an doras agus chaith mé orm mo bhróga agus toisigh mé a shníomh ar mó thúirne, le mé fhéin a chongbhail té" "Caith díot do bhróga" arsa an gearran bán, "go bhfeicfidh mise caide atá ort." Chaith sí dithe a bróga, agus bhí fuil ar a glúnaibh. "Cuir do cheann ar an bhloc," arsa an gearran bán, agus chaith sé an ceann dithe. Annsin chaith sé í isteach sa'n t-seomra.(le críochnughadh ar an taoibh eile de'n chéad duilleoig eile)(leanann ar an chéad leathanach eile)
- An fear a bhí in Ifreann.Chuaidh fear as an chompla seo go aonach an Chraoslaigh a cheannacht asail. Chonnaic sé nach dtiocfadh leis asal a fhághail gan púnta agus ní rabh a dhath leis acht púnta. Casadh fear do agus d’innis sé do gur cheart do a ghabhail go dtí an áit a rabh siad san ag faghail na n-asal ceathar ar phúnta i gCille Choinnigh.
Lá thar na bhárach rinne sé réidh le h-imtheacht go h-Aonach Cille Choinnigh. Bhí sé i gCille Choinnigh an oidhche roimhe an aonach agus bhí sé tuirseach. Smaoitigh sé go n-ólfadh sé gloinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Aodh Mac Láithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall