Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Leathanach 282
- XML “Scéal - Cúirt agus Cathair i gCuibhreann Dell”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)s’an Chuirt a thógas mo chos-sa”. Chuartuigh siad é agus ní thiocfadh leobhtha é a fhághail agus annsin dubhairt siad leis gur sin trí folach maith. “Anois”, arsa fear an Chuirt “tá mise ag gabhail a dheánamh trí foach anois agus mar bhfuighidh tusa mé ins na trí folach ní bhfuigidh tú h-ubhlaí”.
Chuaidh an mac síos fhad leis an chlibíneach agus d’innis sé do go gcaithfeadh seisean fear o’n Chuairt a fhághail i dtrí fholach anois, agus mar bhfuighidh mé é ins na trí folach ní bhfuighidh mé na h-ubhlaí”. “Anois” arsa an clibíneach “tá cailín astoigh i seomra sa Chuairt agus tá sí (trí) ag fuaghal ag iarr thusa uirthí an t-snathad a thabhairt le rud beag a fhuaghal agus nuair a bhéidheas tú ag fuaghal abair leis an chailín go bhfuil rud éiginteacht astoigh i gcnó na snathaidhe agus toisigh phiocadh agus gheobhaidh tú an t-óganach astoigh i gcnó na snathaide.
Chuaidh sé suas sa’n t-seomra a rabh an cailín ann agus d’iarr sé an t-snathad uirthí le rud beag a fhuaghal, thoisigh sé a phiocadh ar chnó na snátaide agus fuair se fear an Chuirt istoigh i gcnó na snathaide. “Tchím” arsa fear an chuirt “tá tú maith ag cuartughadh. “Acht anois” adeir sé “tá agat le mé a fhaghail i dha folacht eile agus muna bhfuighidh tú mé ní bhfuighidh tú na h-ubhlaí, agus d’innis sé dó cáide mar bhí. “Anois” arsa an Clibineach “tá dhá fhear ag bualadh chochain le dhá shuaiste i sgiobal thios annsin, agus nuair a bhéidheas tú thíos iarr ortha an suaiste a thabhairt duit le rud beag a bhualadh, abair thusa go bhfuil rud éigintheacht contrailte le ceangailte an t-súiste, agus gheobhaidh tú an t-óganach istoigh i gceangailte an t-suiste. Chuaidh sé suas go dtí an áit a rabh na fir ag buaileadh ann agus d’iarr se súiste ar fear [eile]?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Naos Mac Láithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall