Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Leathanach 283
- XML “Scéal - Cúirt agus Cathair i gCuibhreann Dell”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le rud beag a bualadh. Thug an fear an súiste dó agus sé a bhualadh agus i gceann tamall bhig dubhairt sé le na fir go rabh rud éiginteacht contráilte le ceangailt an t-súiste.
Thoisigh sé a phiocadh ar an t-súiste agus fuair sé an t-óganach istoigh i gceangailt an t-súiste. Dubhairt fear an Chuirt go rabh sé maith ag cuardughadh. “Acht anois” adeir sé “tá folach amhain eile agam le deanamh agus muna bhfuighidh tú mé ní bhfuighidh tú na h-ubhlaí. Chuaidh sé sios fhúd leis an chlibineach agus d’innis sé goide dubhairt fear an Chuirt leis. “Anois” arsa an Clibineach “thusa síos an curán sin agus churfar dá chailin duit ag teacht le dá stópa uisge, Abair leobhtha go n-iomcrochaidh tú na stopaí dobhtha. Nuair a gheobhaidh tú iad abair go bhfuil rud éigintheacht istoigh i ngreim an stópa. Thoisigh a phiocadh agus gheobhaidh tú boc istoigh i ngreim an stópa. “Tchim” arsa fear an Chuirt “tá tú an mhaith agus tá na h-ubhlaí bainte agat. “Anois” arsa fear an Chuirt “caithfidh tú a ghabhail suas go barr an Chuirt agus tá seomra ann ar thaoibh dó láimhe deise agus tá cailín ann a bheirfeas na h-ubhlaí duit”.
Chuaidh sé suas agus chuaidh sé isteach sa t-seomra a rabh an cailin ann, agus comh luath agus a chuaidh sé isteach thoisigh an cailín a ghairidhe agus thuit sé i ngradh leithe. Ní rabh i bhfád gur posadh iad agus rinne sé dearmad de’n clibineach. D’orduigh an bhean ag dó an bád pleisiurdha a cur faoi sheobtaí agus sheoil siad leobhtha go dtainig siad fhad le baidh “Pholl an Ghoill” a bhí faoi’n teach a rabh an t-athair ann. Bhí fáilte mhór ag an athair rompa. Thug an mac na h-ubhlaí dó agus comh luath agus a d’ith sé iad fuair sé biseach. Bhí buidheachais agus meas ag an athair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Naos Mac Láithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall