Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus d’iarr sé ar an fhear a chaith amach an sgian dul amach sa churrach in a chuide achta. Níor chuir an sean-fhear suas dó agus d’imthigh an beirt amach ins an churrach. Char stad siad go dtáinic siad go h-oileán nach bhfaca an sean fhear ariamh roimhe. Annsin léim an stráinséar amach as an bhád agus d’iarr sé ar an fhear eile teacht in a dhiaidh. Shiubhail sé leis suas go dtáinic sé go dtí uaimh agus isteach leis. Lean an fear eile é agus ní i bhfad go bhfaca sé sean fhear in a shuidhe ag an teine agus sgian i bhfástódh in a chois. D’aithin an t-iasgaire gur abí an scian chéadna a chaith sé amach ins an fhairrge í. D’órduigh an fear a thug go dtí an t-oileán é, d’órduigh sé dó an sgian a bhaint amach as cois an fhir eile. Rinne an [?] iasgaire seo agus nuair a bhí sé déanta bhagair an fear eile air gan a léithead a dhéanamh arís ar ór nó ar airgead nó dá ndéanadh go mbéidh daor air.
- Bailitheoir
- Máire Nic Eiteagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glenree, Co. Dhún na nGall