Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Leathanach 311
- XML “Carraic 'ic Suibhne”
- XML “Droichead na bPíopaire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chéadna agus Cormac Ó Buadhaigh an t-ainm a bhí air. Bhí cruit mhór air-sean fósta. Nuair a chuala sé seo dubhairt sé leis féin go rachadh sé go dtí an dara h-Aonach. Chuaidh sé agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile ag an Charraig chuala sé an glór ag ceol “Dia Luain, Dia Máirt, Dia Luain, Dia Máirt, Dia Luain, Dia Máirt, Dia Céadaoine.” “Diardaoin”, arsa Cormac. Níor luaithe ná bhí an focal ráidhte aige gur chruinnigh na síoganna thart air agus arsa siad, “Cé h-é an fear seo atá ag milleadh an amhráin?” Bhí fearg mhór ortha agus thóg siad cruit Sheáin ’Ic Suibhne agus chuir siad air í i gcuideachta a chinn féin. Chuaidh Cormac bocht abhaile maidín lá thar na bhárach agus dhá chruit air. Agus ón lá sin go dtí an lá inniú níl ainm a bith ar an Charraig seo, ach Carraic ’Ic Suibhne.
Nóta: Tá an Charraig seo cúpla míle siar ó’n Ghleann. - Nuair a tháinic Eoin Ruadh Ó Néíll go h-Éirinn deirtear go dtáinic sé isteach ag Caisleán na dTuath. Chuaidh sé féín agus a gcuid fear trasna an trágha agus tháinic siad amach ar shean-chasán ag Droichead leacaigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)