Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Leathanach 322
- XML “Cogadh na Scádain”
- XML “Fionn agus na Carraigeacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhí go leor sgádain le faghail 'na dhiaidh sin ar choastaí na h-Éireann.
[Fuair mé an sgéal seo ó Phádraig Ua Gallchobhair, agus fuair seisean é ó Bhrian Ó Roidin a fuair bás 'san bhlian 1889]. (Doireaschlaidhe). - Tá árd i nDoireaschlaidhe ar a dtabharfainn siadh Áit Shuidhe Fíonn agus seo é an tuige a tugadh an t-ainm sin air. I bhfad ó shoin in am na bhFian, sé an t-ainm a bhí ar an áit ó Ghleann an Aonaigh siar go Gleann Bheathach - Gleann Fada na Sealgáire. Ins an am sin, bhí carraigheacha a's 'ac a'n ainmhidhe mar sin go fáirsing ins an Ghleann seo, acht cha raibh a dhath ar an dá thaobh do Abhainn Charraigh acht toir mhóra. Bhí na Fian ag baint fúthsa ins an áit seo a dtabharfainn siad Carraig Áirt air anois. Bhíodh siad ag sealgaire ins an ghleann seo go minic. Theidheadh Fíonn é fhéín go bárr an áird seo agus nuair a chuirfeadh sé a ordóg in a bhéal, tcíodh sé ó'n Loch an Gleanna siar go Loch Bheathach na cuannaí i ndiaidh na gCarraigh. Sin é an tuige a bhfuil Ait Shuidhe Fíonn ar an ád sin go dtí an lá indiú. Bhí dhá bhráinnse do na Fiana ann a's bhí dárn' ach a'n lá acu le dhul a shealgaire. Bhí fear i gcionnus 'ach a'n bhráinnse. Bhí fear dar b'ainm Caoimhghin i gcionnus bráinnse amháin a'c (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall