Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Colm Cille ag siubhal lá amháín agus thainig sé fhad le fir a bhí ag iasgaireacht ag an leacach. D'fhiaffruigh sé do'n chead mhúintear a casadh air an rabh siad ag fághail morán. Dubhairt siad go breagach go nach raibh. Dubhairt Colm Cille annsin "Mar bhfui sibh ag fághail, go bhfuighidh sibh, agus má tá sibh ag fághail, nach bhfaighidh."Shiubhal sé leis annsin go dtí go dtainig sé fhad le cuid Gallchóbhairí an Tuaim. D'fhiaffruigh sé dobhtha-san an rabh siad ag fághail an cheann. Dubhairt siad-san go rabh agus thoisigh siad ag ránn leis. Thug sé an-bhuidheachas mór dobhtha agus dubhairt sé leobhtha. "Béidh sibh fhein agus an treabh do mar dteaghlach a thiocfas mur ndiaidh ag gnóthughadh ar an iasgaireacht go deo."Agus b'fhior é. Tá siad ag gnóthughadh air riamh ó shoin.
(Brian Ó Roidin a d'innis an sgéal seo do Phadruig Ua Gallchobhair, a fuair bás 'san bhliadhain, 1889. Doiréschlaidhe)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall