School: Tearmonn (roll number 14194)

Location:
An Tearmann, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Aodh Ó Duibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 312

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1081, Page 312

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tearmonn
  2. XML Page 312
  3. XML “Seán na mBláthanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ar níos lúgha na cúig phunta. Thóisigh Seán ar an bhealach. Chá rabh i bhfád go rabh sé ag an aonach. Ní rabh sé i bhfád annsin go dtáinig fear thart, agus thug sé cúig phunta do.
    Bhí fear eile ann ag díol bláth deasa. Smaointigh Seán gur mhiath leis iad a cheannacht. Suas leis. Chuir sé ceist ar an fhear cá mhéad a bhí a dhíth air. "Cúig phunta," arsa seisean. Thug Seán na cúig phunta do. Chuir sé na bláthanna i mála agus dimthigh sé 'un na bhaile.
    Tháinig an mhathair amach. D'fhiafruigh sí an bhfuair sé na cúig phunta. "Chan fhuair," arsa seisean, "Ach fuair mé rud i bhfad níos deise".
    Annsin tharraing sé amach na bláthanna. Bhí siad uilig marbh indiaidh a bheith ins an mhála.
    Léim a áthair amach as a leabaidh agus chaith sé é amach. Chaith sé na bláthanna ins an gháradh.
    Chuaidh Seán na chodladh ins an sgiobol an oidhche sin. Déirigh sé go luath ar maidin. Bhí eagla air roimhe a áthair. Chuaidh sé síos le amharc ar na bláthanna sul ar imthigh sé. Bhí siad ag fás suas ins an aer, cosamhail lé dreimire. Chuaidh Seán suas an dreimire. Annsin thainig sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0563: The Table, the Ass, and the Stick
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Gairbheach
    Gender
    Male
    Address
    Tír Chillín, Co. Dhún na nGall
    Informant
    Maighread Ní Gairbheach
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Address
    Tír Chillín, Co. Dhún na nGall