School: Tearmonn (roll number 14194)
- Location:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Aodh Ó Duibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tearmonn
- XML Page 370
- XML “Béil Binn na Páirte”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ráchfá me ar cuairt 'na bhaile seo thuas,
I n-áít a bhfuil an óig bean;
Sí thógfadh díom cíon.(?)
Gurbh é glorthaí a cinn,
Bheirfeadh rontaí o'n tuinn,
Beirfeadh an géar fath on ceóg-radh, (binneas ceola)
Agus an smólain o'n craobh. (binneas ceola)
Ní h-é fein londubh a' bhéil bhuidhe,
No an ciarsach le na taobh,
Agus gurbh í an smoilín bhinn bhreagach í;
Is mo loit mo chroidhe
Teacht na bhaile damh-sa Dia Domhnaigh,
Bhreathnuigh mé mo mhíle stoirín.
(?) malairt sin nach bpósann,
No go síntigh mise i gcomhnair,
No go dtiocfadh an úr is mo cheann.
Suid mar tá mo ghradh-sa,
Le deiseacht is le breaghtacht;
Mar an Samhradh o'n fuacht ann,
Idir Nodlag agus Caisg.
Tá mo gradh-sa mar béadh gealach ann,
No grian os cionn garadh,
Beil binn na pairte is tú,
Nach ar pheacaidh riamhm le h-aon.(continues on next page)- Collector
- Aodh Ó Duibhne
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Eibhlín Ní Mhuireadhaigh
- Gender
- Female
- Address
- An Curraoin, Co. Dhún na nGall