Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 385
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Am amháin fada o shóin, bi sé ráidhte go rabh croca oir faoi crann shuas ag teach an Ministir (?) i dTamhnaigh.Rinne cuid aca suas go rachadh siad suas lé a thógail agus chuaidh. Nuair a bhí siad ag teacht comhgarach dón áit tháinig eagla ortha, agus phill siad na bhaile.Bhí fear mór laidir ar an bhaile - láir nac rabh eagla air roimhe dhadaidh agus chuir siad fa na choinne, agus dubhairt seisean nach rachad sé muna dtéigheadh cupla fear eile leis.Chuaidh sé fhéin agus triúr dé feara iongantach láidir agus daingean sá chroidhe leis an chroc a thógail. Nuair a thainig siad go dtí an áit thoisigh siad. Nuair a bhí siad shíos giota maith agus an t-Alus ag tuitim dobhtha, chaide tarla ach thoisigh na preachain a teacht anuas agus bhí siad ag ithe an chloigeann dobhta. Nuair a bhí siad tuirseach dá sin, thoisigh na siathe leathghair a teacht anuas agus sa déireadh b'éigean dobhtha a fhagail agus ó'n lá sin amach ni teachaidh aon duine a thogail no cuireadh síos é i n-ainm an Diabhail.
- Bailitheoir
- Sean Mac Giolla Cearra
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cionn Droma, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sean Mac Giolla Chearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- Cionn Droma, Co. Dhún na nGall