Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 485
- XML “Ainmhithe Allta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá teangaidh an mhadaidh ruaidh maith fá dhoinne deilg a bhaint as do cois, do mhéar, nó áit ar bith eile a mbíonn siad.
Sgéál:- Críoneacht an Madaidh RuaidhLá amháín bhí fear ag dul as Fánaidh go Rosg-Guill i currach. Nuair a bhi sé réidh le dhul isteach sa currach chonnaic sé madadh ruadh na luighe chois an cladach. Shíl an fear go rabh sé marbh mar bhí an madadh ruadh ag leigint air fhéin go raibh. Chait sé an madadh ruadh isteach san currach agus bhog leis siar go Rosg-Guill. Nuair a bhí sé ag tarraing aníos ar an chladach, chait sé amach an madadh ruadh ar shíl sé a bheith marbh. Níor luaighe a d'fhág an fear síos an madadh ruadh ar an talamh, na as go bráthach leis an madadh ruadh agus ní fhacadh an fear an madadh ruadh ní bá mhó.- Bailitheoir
- Tréasa Ní Fhríghil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Fhríghil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall