Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)

Suíomh:
An Caiseal, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 504

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1091, Leathanach 504

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caiseal (2)
  2. XML Leathanach 504
  3. XML “Laethanta Áirithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirtear go bhfuil sé ádhmhail toiseacht a threabhadh Diardaon, agus go bhfuil sé mí-ádhmhail toiseacht Dia Sathairn. Tá sé an mhí-adhmhail toiseacht ag deánamh rud ar bith Dia h-Aoine. Ní áthruigheann duine ar bith troscan isteach go teach úr Dia h-Aoine; nó deirtear nach mbéadh ádh ar an teaghlach sin fhad agus a bhéadh siad san teach sin. Níor chóir do dhuine a eangacha a bhaint Dia Domhnaigh, nó má ghníonn bíonn an diabhal do dhiaidh ar feadh na seachtmhaine sin.
    Chéadaoine Bhraith agus Céadaoine Lughbhaidh.
    Is iadsan laethe Crosta na bliadhna. Níor chóior do dhuine a fheásóg a bhearradh an dá lá sin.
    Deirtear go bhfásann coirce nios tapaidhe agus nios feárr má chuirtear an síl ar Aoine an Chéasta
    Má chuirtear crann cumhdaiththe le blátha agus blaoscadaí uibhe na sheasamh sa charn aoiligh tráthnóna roimh an chéad lá de Bhealtaine coinneochaidh sin an bhean sidhe ar shiubhal ó na ba ar feadh na bliadhna sin.
    Bíonn go leór le h-ithe ag na h-éanacha i rith an Fhoghmhair, agus sin an fáth a bheirtear Foghmhar na nGéannaí ar an tráth sin. Bheirtear Rabharta Féil Pádraig fosta ar Rabharta Geala na Cásca, siocair gur'b an rabharta is mó sa bhliadhain í.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    null
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    null
    Inscne
    Fireann