Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 516
- XML “Lucht Siúil a Bhíodh ann sular Rugadh mise - A nGnásanna agus A mBéasa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo cuid de na daoine bochta a bhíodh ann sul ar rugadh mé. Micheál Chordáín, Paidi Wan Tune Peter Lemon, John Love, Jimmie the Laddie.Sé Micheál Chordáín an duine is mo a bhfuil iomradh air dobhta seo. Bhí sé iongantach cliste. Thiocfadh leis dán a dheanamh fa dtaobh duit comh tapaidh is amharcadh sé ort. Da dtabhradh sé fa dear go rabh dimeas agat air thoisigheadh sé ar sgéal agus sileadh nach ort féin a bhí an sgéal ar choir ar bith agus nuair a bhí an sgéal innste aige bhí sé fa dtaobh duit fhéin. Seo reamas a rinne sé fa bhailte.Baile Taobh Rusaidh na Spag
Seisiadh na nGág
Sean-Bhaile na mbuideal bhriste
Cailindáir easta thart ar chipin
Tonn-Bháin na spáin
Caiseal na gCibín
Gort-na-Trágha na mionnaí móra
Dumhach-Mór na ngabhar
Fear a bhí i bPeter Lemon air a rachadh thart dhíol oraistí agus ghlacadh sé deirce fosta. Bhíodh na h-oraistí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréadh Ní Fhríghil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Fríghil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall