Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Micheal Chordáín bhiodh sé ag dul thart breis a's caogadh bliadhain ó shóin. Ní rabh fhios ag an nduine cé's a dtainig sé. Thiocfadh leis dán a dheanamh ar an bhomaite agus é 'na sheasamh ar an urlár.Paddy-Wan-Tune: cha rabh aige a port amháín. Bhíodh sé ag fanacht i dtoigh Dhomhnaill Mhic Ghiolla Cheara i mBaile Úi Uidhrin. Oidhche amháín bhí Domhnall ag tabhairt isteach an t-sean-mhuc a bhí tinn isteach 'un togihe agus d'iarr sé ar Phadraig imtheacht nó níosfadh an mhuc é. Dubhairt Padraig, "is truagh liom nar ith sean-mhuc mé dhá fhiceadh bliadhain ó shoin." Pádraig Mac Lochlainn an t-ainm cheart a bhí air.John Higgarty: bhíodh seisean i gcomhnuidhe ag ceoil ins na tighthibh.An Kenny; b'as Co. na Gaillimhe ise. Bhiodh sí ag dul thart agus bhí sí rud beag as a meabhair; shil sí i gcomnuidhe go rabh daoine eighinteacht ag teacht le i a thabhairt leobtha. Christy Noble: bhiodh sé ag dul thart le asal agus carr ag cruinnuighadh sean-bhratógaí agus fionnaidhe agus ag díol eadaigh leath-chaithte agus soithigh criadha.Willie Noble:(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Róise Nic Ghiolla Cheara
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Sean Mac Ghiolla Cheara
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)