Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 175](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1093%2FCBES_1093_175.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1093, Leathanach 175
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 175
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Beirt chailín as Cloch an Fhaoillidh a bhí ar fastodh shíos fá'n Lagán.”
Sgéal.Beirt chailín as Cloch an Fhaoillidh a bhí ar fasdtadh shíos fá’n Lagán. Nuair a bhí an t-am shuas acu fá Shamhain bhí siad ag teacht ‘na bhaile. Tháinig an oidhche ortha agus ní rabh teach lóistin ar bith acu le fanacht ann. Chuaidh siad isteach go Teach an Phobail agus d’fhán siad ann go maidin. Ar uair an mheadhan oidhche las na coinnle ar an altóir agus tháinig sagart amach agus culaidh an Aifrinn air. D’fiafruigh sé an rabh duine ar bith annsin a dhéanfadh an t-Aifreann a fhriothálú. D’fiafruigh sé trí h-uaire. Níor labhair siadsan. Chuaidh na coinnle as agus d’imthigh an sagart amach. Ar maidin níor imthigh siadsan ar chor ar bith acht chuaidh siad chuig an t-sagart. D’innis siad do caidé mar bhí. Dubhairt sé go gcaithfeadh siad fanacht aige san an oidhche sin agus go rachfadh siad go teach an Phobail agus go mbéadh seisean leobhtha agus go suidhfeadh siad ins an áit cheadna. D’iarr sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éilis Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Áine Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall