Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 196
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear uasal ann i bhfad ó shoin agus chuaidh sé amach a sheilg.”
SgéalBhí fear uasal ann i bhfad ó shoin agus chuaidh sé amach a sheilg. Tháinig ceo air, tháinig an oidhche air agus chuaidh sé ar seachrán. Chonnaic sé solas i bhfad uaidh agus tharraing sé air. Bhuail sé ag an doras. Tháinig fear an toighe fhad leis an doras. Dubhairt an fear uasal go dteachaidh sé ar seachrán agus d’iarr sé lóisdín ar fhear an toighe go maidin. Dubhairt fear an toighe nach dtiocfadh leis a dhul isteach go fóill nó go rabh bean toighe i n-astar cloinne.
Shuidh seisean amuigh annsin agus thosuigh sé a chóimheadh na realtógaí. Bhuail an fear (f) uasal ag an doras arais agus tháinig an bhanaltra amach. Dubhairt sé leithí dá dtiocfadh leobhtha an paiste a choinneál arais nó go rabh sé ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall