Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 202
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann aon uair amháin agus rinne sé amach gur chóir an méid ministear a bhí san áit a mharbhughadh.”
Sgéal.Bhí fear ann aon uair amháin agus rinne sé amach gur chóir an méid ministear a bhí san áit a mharbhughadh. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Chulaidh na Gaill uilig go rabh na Gaedhil le h-éirigh amach d’a marbhughadh agus bhí súl amuigh aca. Is cóir ar bith bhí an fear seo amuigh ag siubhal lá amháin agus fuiar sé ministir ‘na luighe marbh i bpáirc. Rinne sé amach go ndéanfadh achan nduine amach gur é fhéin a mharbh é agus thug sé leis isteach ‘un na toighe é.
Rinne sé amach annseo go gcuirfeadh sé cuireadh chuig féasta a dhéanamh sé ar chupla ministir eile. Chuir sé an cuireadh agus tháinic dís aca. Ag dul ó sholas do, sheasuigh an fear é fhéin i gcúl an doras agus nuair a tháinic an chead ministir isteach chaith sé an ceann dó, agus d’fág i gcúil an doras é. Tháinic an dara ministir isteach agus rinne sé an cleas céadna. Ar maidin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Nic na Mídhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic na Mídhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall