Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aiteacha Stáireamhail in mo Pharóisde.Mín bog. Deirtear gur chaith Eóghan Ruadh Uí Néill oidhche i sciobál annseo in-áit a ndeachaidh sé ar seachrán. Annsin phill sé arais casán eile chuig na gaedhil. Tá an áit seo suidhthe taobh amuigh de chnoc na brocaigh i bparóisde Gleann Fhinne. An dóigh a bhfuair Srath-na-mBratóg a ainm indiaidh catha Scarrafolis san bhliadhain 1651 Theich na gaedhil isteach go Gleann Fhinne agus na gaill ‘na ndiaidh. Chuaidh siad trasna abha na Finne ag an Ailiteach. Tháinic siad fad leis an áit seo agus ní mhaith leo na Sasanaigh greim a fhághail ar na brait a bhí in áirde aca. Chaith siad an t-iomlán isteach san abhainn. Tháinic siad amach ar Shráth éiginteacht. Baisteadh Srath-na-mBratóg air ó shoin.
An dóigh a bhfuair (Src) Mín-na-gCnámh a ainm. D’imthigh na Gaedhil leo annsin suas cnoc na sé rothaidhe air a [sneachno]?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Nic na Mídhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac a Bháird
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 36
- Seoladh
- Srath na Bratóige, Co. Dhún na nGall