School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
![The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 496](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1094%2FCBES_1094_496.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 496
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 496
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí fear ann a chomhnuidhe i Gleann tSuiligh dar ainm Mac Monghail.”
(continued from previous page)an toighe cráthadh láimhe leis agus thug siad an púnta do. Thug sé go dtí dára, an (tríom) tríomhadh, agus an ceathramhadh teach iad agus fuair sé an púnta i ngach teach. Bhí na fir ag tabhairt céad púnta do ar an háta ach ní glacadh sé é. Thairg siad dhá chead do, ach ní glacadh sé é. Bhí siad ag tabhairt trí chéad do. Dubhairt sé leóbhtha. Ní mhaith liom sgaramhaint leis acht thaibhre go bhfuil sé a dhith orraibh Bhéarfaidh mé díobh é, ar na trí chéad. Thaisbéanfaidh mé díobh arais an dóigh leis an t-airgead a fhághail. Chuaidh sé annsin go dtí an cúigeadh teach agus fuair sé an púnta. Thug siad an trí chéad do annsin. Dubhairt sé annsi leóbhta go gcaithfeadh sé theacht go h-Éirinn. Chuaidh an bheirt leis gur chuir siad ar an bhád é. D’iarr sé ortha áire a thabhairt d’on h-áta. D’fhág sé slán aca annsin agus d’imthigh sé. Phill an bheirt eile agus chuaidh siad isteach i dteach ósta. Chuir fear aca an háta air agus dubhairt sé. “Maidín mhaith a shean háta. Thoisigh fear an t-síopa ag gáiridhe. Dubhairt an fear eile annsin Maidín mhaith a shean háta. Thoisigh fear an tsíopa ag gáiridhe arais. Tháinig fearg ar na fir agus d’éirigh siad garbh le(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic na Midhe
- Gender
- Female