Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 214
- XML “Seanfhocla”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Sgéal.
Bhí Paidi Ui Cuinn ag áirneal oidhche amháin fa thuairim dhá mhíle ó na theach fhéin. Oidhche thirm gaothach i ndeireadh an Fhóghmhair a bhí ann. D'fág sé an teach go h-anntrathach san oidhche agus d'imthigh sé ag tarraingt a[g?] an bhaile. Nuair a bhí sé giota de'n bhaile chualaidh sé torman mar bhéadh casuireacht ann mar shíl sé fa ghiota do. Sheasuigh sé ag éisteacht agus cómh luath a's sheasuigh sé stad an chasuireacht. Shiubhal sé leis airíst agus cómh luath a's thoisigh sé ag siubhail thoisigh an chasuireacht airíst. Sheasuigh sé airíst agus stad an chasuireacht. Bhuail cratha[n] eagla é agus thoisigh sé ag siubhail ní ba ghaiste agus a ghaisteacht dar shiubhail sé ba ghaiste agus b'airde a chuaidh an chasuireacht. Sgannruigh sé go millteanach. Ní rabh aon fhear sa Chonndae a bhí 'un rása leis agus as go brathach leis ar theann a chuirp. Chuaidh an casuireacht anns[in](leanann ar an chéad leathanach eile)