Scoil: Clochar na Trócaire, Carn Domhnaigh
- Suíomh:
- Baile Bhloscaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: An tSr. A. Nic Fhionnlaoich An tSr. M. Beinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(4) LÉIGHEAS TEINE AIGHTHE:Cuimil píosa óir nó síbhin cocháin thart ar gach ball nimhneach d'a bhfuil ar an aghaidh, ag deánamh fíoghar na croise "I n-ainm an Athar agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh; teine aighthe; teine a chuir. Is lag an teine, is beo an duine; Mac Dé a chuir." Tá sin le rádh trí h-uaire; uair gach ám a chuimiltear.
(5) LÉIGHEAS FIABHRAS CROIDHE:Glac cupa min-choirce agus tarraing sgian thar bhéal an chupa go rabh an mhin cothrom le n-a bhéal. leag an cupa i gceithre h-áiteacha ar chroiceann an duine tinn, fa'n bhásta, faoi'n chroidhe agus siar fa'n druim. Deán sin trí cúrsaí. Deán fhéin agus an duine breóidhte bhur gcoisreacadh i dtoiseach agus abairigidh, "Dia i n-aghaidh na h-urchóide." Bí féin ag rádh an "Phaidear" agus an "t-Abhe Maria" fhad agus atá tú ag deánamh an léighis, agus cuir trí "Paidreacha" agus trí "h-Abhe Maria" ar an duine tinn mar bhreitheamhnas aithrighe le Dia a bheith i n-aghaidh na h-urchóide.
(6) LÉIGHEAS AINMHIDHE CAITHTE:Is minic, do réir mar a dubhairt na sean-daoiní, a chaitheann na sidheógaí ainmhidhe, cuir i gcás, bó, agus seo an dóigh a ndeántar léigheas. Tomhais an bhó ó ruball go srón le do láimh ó uilinn go barr an mhéir, agus i gcionn gach aon fhaid láimhe gearr fíoghar na croise. Annsin glac maide briste agus aibhleóg, agus cuir an aibhleóg anonn faoi bholg na bó. Bíodh duine thall agat ar an taoibh eile de'n bhoin leis an aibhleóg do chur anall chughat thar a druim. Gearr an chroch-chéasta ar an fhionnadh ar chúl-druim na bó. Cuir anonn an aibhleóg arís faoi'n bholg mar a' gcéadna, agus nuair a thugas tú(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Monica Ní Chaomhnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glack, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Siúr na Trócaire
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Bean rialta (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Carn Domhnach, Co. Dhún na nGall